Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:37

An Bíobla Naofa 1981

Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár; go mba cosúil le mná iad! Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.

Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh, codlaíonn siad ina dtoirchim suain; tá lucht na lámh láidir gan taca.

Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.

Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim atá cnuasta i gcillíní rúin, chun go dtuige tú gur mise an Tiarna, Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.

Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,

ríthe uile na hAráibe a chónaíonn san fhásach,

Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. (“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)

Beidh Caildéa ina creach; gach aon a chreachfaidh í beidh sé sách.

Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile; brisigí agus osclaigí a hiothlanna, cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair. Cuirigí faoin mbang í. Ná fágtar aon ní di.

Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach, an carbad agus an carbadóir;

is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta, an t‑ógánach agus an cailín,

Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d'fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.

Titfidh na mairbh i gcríoch na gCaildéach, agus an lucht gonta ar na sráideanna.

“Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.

Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.

Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.

Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí