Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:36

An Bíobla Naofa 1981

Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu! Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad! Claíomh dá heachra agus dá carbaid.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”

Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.

Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,

Is feasach domsa a theanntás - an Tiarna a labhraíonn - a mhaíomh díomhaoin, agus an mórtas baoth a dhéanann sé!

Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”

“Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin - an Tiarna a labhraíonn.

is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad, an treabhadóir agus a sheisreach na huaisle agus na fir cheannais.

Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d'fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.

go bhfuil seilbh ar na háthanna, agus tine leis na dúnta, go bhfuil scéin ar na fir throda in éineacht.

Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.

Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.

Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: “Tá Nínivé léirscriosta!” Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?

Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.

is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras

Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí