Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:34

An Bíobla Naofa 1981

Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo: maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne.

Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.

[Salm le] Dáiví. 1 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde: cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.

Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.

Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt, agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.

Óir is tréan é a bhfuasclóir, agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.

Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.

Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.

Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.

Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó Neach Naofa Iosrael:

Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.

seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.

Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.

Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.

Saorfaidh mé thú as láimh an drochdhuine, agus fuasclóidh mé thú as crúba an neamhthrócairigh.”

Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód, beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair, agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.

Óir d'fhuascail an Tiarna Iacób, thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é.

An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:

Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!

Tháinig scriosadóir Mhóáb anuas air; chuaigh togha a dhaoine óga síos chun an áir.

Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.”

Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna: “Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim.

D'agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi agus d'fhuascail tú m'anam.

Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t‑arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?

Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón, mar bhean ina leaba luí seoil. Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois agus cur fút faoin tuath. Rachaidh tú go dtí an Bhablóin ach slánófar ann thú. Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú ó lámha do naimhde.

Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna - mar pheacaigh mé ina choinne - go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.

Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí