Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:31

An Bíobla Naofa 1981

Is chugatsa atáim, a uaibhrigh! An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn; tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,

Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?

Chualamar faoi uabhar Mhóáb; tá sé ró-uaibhreach! A leithéid de mhóracht! de dhíomas! d'éirí in airde! de mhóiréis chroí!

Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”

Is leatsa a dhéanaim achrann, a shliabh mhilltigh, - an Tiarna a labhraíonn - a mhilleann an talamh uile! Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh, agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thú agus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.

Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’

Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

“A mhic an duine, tairngir in éadan Ghóg. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.

Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.

féach, táimse i d'aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Tógfaidh mé suas do sciortaí chomh hard le d'aghaidh agus taispeánfaidh mé do nochtacht do na náisiúin agus do náire do na ríochtaí.

Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”

Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”

Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí