Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:29

An Bíobla Naofa 1981

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.

Cé dhó ar thug tú masla agus aithis? Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinn agus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach? I gcoinne Neach Naofa Iosrael!

Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: “Ní fheiceann aon duine mé.” Do chríonnacht agus d'eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: “Mise, mé féin amháin!”

An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)

“Cuir ar meisce é! Mhóraigh sé é féin in éadan an Tiarna; beidh Móáb ag únfairt ina sceathrach féin; beidh sé fós ina cheap magaidh.

Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

[Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.

Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile; brisigí agus osclaigí a hiothlanna, cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair. Cuirigí faoin mbang í. Ná fágtar aon ní di.

Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”

Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.

“Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.

Ná síneadh aon bhoghdóir a bhogha! Ná siúladh aor fhear go móiréiseach faoina chóta máilleach! - Ná tabhair anacal dá saighdiúirí óga! Maraígí tríothu agus tharstu, a slua uile!

Ní mór don Bhablóin titim ar a seal, mar gheall orthu siúd a maraíodh in Iosrael, mar is tríd an mBablóin a thit an oiread sin marbh ar dhroim na talún.

Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.”

Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. “Féach, a Thiarna, ar m'ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.”

Bain sásamh astu, a Thiarna, de réir a ndrochbheart;

Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir; mar a rinne tú leo, déanfar leat; fillfidh do bhearta ar do mhullach.

agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse

an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.

Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”

Díolaigí an comhar léi; cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi. An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile], meascaigí dise é le dúbailt tomhais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí