Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:17

An Bíobla Naofa 1981

Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.

Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin d'iompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh.

San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú.

Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall.

Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.

Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.

Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola; ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon, leon ar fhuíoll air Mhóáb agus ar iarmhar na tíre sin.

Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.

Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.

Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.

“Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.

Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.

Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa; chuir a dtréadaithe ar seachrán iad, d'fhág ar fán iad ar na sléibhte; d'imigh siad ó shliabh go cnoc ag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.

Búireann siad le chéile ar nós leon, drantaíonn ar nós coileáin leoin.

Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois an t‑am a tháinig sé i gcoróin, agus rialaigh sé aon bhliain déag in Iarúsailéim. Ba é ainm a mháthar Hamútal, iníon Irimia, ó Libneá.

Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.

An uair sin doirtfidh mé mo spiorad fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.

Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n‑anama.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí