Irimia 50:15An Bíobla Naofa 1981Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile. Féach an chaibidil |
[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.