Irimia 50:14An Bíobla Naofa 1981Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine, tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha. Caithigí! Ná coigligí saigheada. Féach an chaibidil |
“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.
“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.