Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:1

An Bíobla Naofa 1981

An briathar a labhair an Tiarna in éadan na Bablóine, in éadan tír na gCaildéach, trí Irimia fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.

Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann.

Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.

Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga.

Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.

Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

Féach mar tá deireadh leis an aintiarna! Féach mar tá deireadh lena dhíomas!

Féach an tír seo dár dhual longa! Thóg na Caildéigh a dtúir léigir. Leag siad a cuid daingean agus d'fhág ina ballóg í.

(Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)

Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.

Leis sin d'fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d'aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois.

Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.

Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí