Irimia 5:7An Bíobla Naofa 1981“Cad chuige go maithfinn duit é? Thréig do chlann mhac mé, agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor. Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas. Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.