Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 5:5

An Bíobla Naofa 1981

Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.” Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.

Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -

Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.

Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.

A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m'fhásach do Iosrael, nó i m'fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa: ‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?

Rinne d'aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).

Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.

Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.

Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.

“A mhic an duine,” arsan Tiarna, “seo lucht na drochchomhcheilge a thugann comhairle a haimhleasa don chathair seo;

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.

De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.

Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!

Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí