Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 5:30

An Bíobla Naofa 1981

Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír;

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.

“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.

Bíodh uafás oraibh, a neamha; faoin ní seo bíodh uamhan oraibh crithigí le heagla - an Tiarna a labhraíonn.

Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.

I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí