Irimia 5:22An Bíobla Naofa 1981Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu. Féach an chaibidil |
Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.