Suífidh mé mo ríchathaoir in Éalám, agus glanfaidh mé as rí agus uaisle - an Tiarna a labhraíonn. “Ach sna laethanta deireanacha tabharfaidh mé ar ais bránna Éalám. An Tiarna a labhraíonn.”
Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.
“Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás. Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin. Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh, go gcuirfidh mé deireadh leo.