Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 49:35

An Bíobla Naofa 1981

Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tá mé chun bogha Éalám, ceann a nirt, a bhriseadh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.

- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”

Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead, agus Arám ag dul sa diallait; tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.

Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine, tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha. Caithigí! Ná coigligí saigheada.

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.”

Is i nGleann Izréil a bhrisfidh mé cumhacht Iosrael an lá sin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí