Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 49:31

An Bíobla Naofa 1981

“Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh, atá beo go muiníneach - an Tiarna a labhraíonn - nach bhfuil geataí acu ná barraí, a chónaíonn san uaigneas!

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire; óir fuaireamar ár ndóthain den dímheas.

Féach! sin é dála na bpeacach; téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.

Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!

A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint!

Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!

Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”

Bhí Móáb i suaimhneas óna óige; shuigh sé ar a mhoirt; níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach; níor chuaigh riamh i mbraighdeanas; uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin, níor aistríodh a bholadh.

“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’

Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.

Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.

Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad, coscrófar agus dísceofar iad. Cé gur smachtaigh mé thú cheana, ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.

An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.

Feicim é ó bharr na sléibhte, agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é: Pobal ag maireachtáil leo féin, nach n‑áiríonn iad féin ar na ciníocha.

Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin; toghtar tobar Iacóib mar thír arbhair agus fíona; sileann neamh féin an drúcht anuas




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí