Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 49:29

An Bíobla Naofa 1981

Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada; tógtar a mbratacha agus a soithí uile, agus freisin a gcuid camall. Déantar fógairt dóibh: ‘Eagla ar gach uile thaobh!’

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.

Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.

Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach; i bpubaill Chéadar.

Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh.

Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo. Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh, ná na haoirí a dtréada ann i gcró.

Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill.

ach anois tá mo bhoth scriosta, mo rópaí uile briste, d'imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann; níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair, ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.”

Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine; déantar fásach den dúiche ar fad; scriostar mo bhothanna go tobann, mo dhídean, in imeacht nóiméid.

Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.

Tá an Damaisc gan mhisneach, ullmhaíonn sí chun teitheadh, tá sí ar crith, (gabhann dobrón agus doilíos í mar a bheadh bean in íona).

Ach tabharfaidh mise anuas ort imeagla ó gach taobh; díbreofar chun siúil thú, gach aon fhear ina shlí féin, agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.

Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.

Feicim bothanna Chúiseáin ar lár, agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.

Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas;

Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh.

Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n‑eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.

Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.

Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: “Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.” Ansin d'éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.

Ba é meáchan na bhfainní óir a d'éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí