Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 49:28

An Bíobla Naofa 1981

I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna: “Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar, scriosaigí clann mhac an oirthir!

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Seo iad ainmneacha mhac Ísmeáél de réir oird a nginte: Nabáiót céadghin Ísmeáél, agus Caedár, agus Adbael agus Miobsám

ach thug Abrahám tabhartais do chlann a leannán chomh maith agus lena linn féin chuir sé chun siúil iad ona mhac Íosác, soir i dtreo na tíre lastoir.

Seo iad a sliocht: Nabáiót céadghin Ísmeáél; ansin Céadár, agus Abdael, agus Miobsám,

Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.

Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach; i bpubaill Chéadar.

Más dubh mé, is sciamhach, a mhná Iarúsaileim; mar bhotha céadair, mar bhéalscátha Sholaimh.

Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.

Fáistine fá choinne an mhachaire. A bhuíonta fáin na nDéadánach, arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh,

Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!

Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár. Meabhraígí go cúramach féachaint ar tharla a leithéid seo riamh.

Déadán, Téamá, agus Búz, agus na Bearracháin uile,

ríthe uile na hAráibe a chónaíonn san fhásach,

Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna, seoladh teachta chun na náisiún trí chéile: “Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo! Éirígí chun catha!”

Beidh Hazór ina bhrocais seacál, ina fhásach go brách, ní fhanfaidh aon duine ann níos mó, ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”

Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair.

Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d'ionsaídís iad;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí