Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 49:27

An Bíobla Naofa 1981

Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce; slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil.

(Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d'fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.

“ ‘Cuirfidh sé tine le teampaill dhéithe na hÉigipte: dófaidh sé na déithe seo nó tógfaidh leis iad; faoi mar a ghlanann tréadaí na gcaorach míolra dá bhrat, is mar sin a bhánóidh sé dúiche na hÉigipte, agus imeoidh leis gan cur ina choinne.

Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí