Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?’
Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”
Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti; déanfar fásach folamh di. Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin; ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine.
dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan Eadóm agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Bánóidh mé an tír; titfidh fir leis an gclaíomh ó Théamán go Déadán.
De bhrí gur bhain tú aoibhneas as nuair a bánaíodh oidhreacht mhuintir Iosrael, déanfaidh mé amhlaidh leatsa, a Shliabh Shaeír: bánófar thú agus Eadóm uile mar an gcéanna. Tuigfidh na daoine gur mise an Tiarna.”
Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.
Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.
An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.
“An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air,