Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 49:16

An Bíobla Naofa 1981

Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.

An le hordú uaitse a eitlíonn an t‑iolar in airde Agus a dhéanann sé a nead sna harda?

Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.

Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.

Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.

Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis.

D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”

nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n‑ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.

Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.

Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne, agus réidh chun cogaidh’?

Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún, tarcaisneach i measc daoine.

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.

Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.

Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint.

agus tá col agam le hÉasau. Sin é fáth a ndearna mé díthreabh dá shléibhte agus fásach leathan dá oidhreacht.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí