Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”
Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil, tá sé bealaithe le blonag, le fuil na n‑uan agus na ngabhar, le geir cheathrún na reithí. Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.
Mionnaim dar mé féin; is í an fhírinne a thagann as mo bhéal, geallúint nach bhfuil dul siar uirthi: ‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin, dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’
Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!
Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste.
Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.
Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”
Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua: Dá mba é gur líon mé thú le fir mar na lócaistí ar a líonmhaire, thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!
Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.
Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.”