Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.
Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht, a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile! Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.
Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”
Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n‑eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.