Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 48:7

An Bíobla Naofa 1981

Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

D'fhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad.

mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.

Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.

Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.

Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.

Seo é cuid do thomhais, do thuarastal uaimse in íoc do shéanta - an Tiarna a labhraíonn - mar gur lig tú mise i ndearmad agus gur thaobhaigh tú le bréag.

“ ‘Cuirfidh sé tine le teampaill dhéithe na hÉigipte: dófaidh sé na déithe seo nó tógfaidh leis iad; faoi mar a ghlanann tréadaí na gcaorach míolra dá bhrat, is mar sin a bhánóidh sé dúiche na hÉigipte, agus imeoidh leis gan cur ina choinne.

Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.

Is mairg thú, a Mhóáb! A phobal Chamóis, tá sibh caillte! óir seoladh do chlann mhac chun deoraíochta, agus tógadh i láimh do chlann iníonacha.

Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

Maíonn tú as do ghleann, a chailín mhístuama! Go teann agus go dána deir tusa: ‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’

Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!

Shaothraigh sibh an t‑olc; ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar, agus d'ith sibh toradh an éithigh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra,

Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach.

Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.

De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’

Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí