Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 48:47

An Bíobla Naofa 1981

Ach cuirfidh mise Móáb ar ais ina áit féin sna laethanta atá le teacht. Is é an Tiarna a labhraíonn.” Breithiúnas Mhóáb go dtí seo.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.

Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.

Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.

agus síneann sé amach a lámha ansin, mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha. Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar le gach bang dá ndéanann sé.

Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)

Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.

ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcrích agus go gcomhlíona comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.

Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód - is é an Tiarna a labhraíonn.

“Ach amach anseo tabharfaidh mé ar ais liom bránna chlann mhac Amón. Is é an Tiarna a labhraíonn.”

“I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.

Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).

Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.”

Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”

I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí