Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”
Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon, sibhse uile arbh eol daoibh a ainm. Abraigí: ‘Cé mar a briseadh an bata láidir sin, an ríshlat bhreá sin!’
Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.
Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.