Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 48:36

An Bíobla Naofa 1981

Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.

Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.

A mhaoin is cathair thréan don saibhir; is balla ard í, dar leis.

Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach.

Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta agus a bhfuil a maoin á hiompar acu thar Sruthán na Saileach anonn.

Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.

Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn

Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”

Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.

Ar an ábhar sin uaillimse ar son Mhóáb, golaim ar son Mhóáb uile, agus caoinim fir Chír Heireas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí