Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh?
Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.