Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 48:33

An Bíobla Naofa 1981

Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb. Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona, níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh: ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”

Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin, arbh fhiú míle píosa airgid iad, ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.

Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.

Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl? Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?

Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí! Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna, a lucht olta an fhíona, mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann!

agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna.

Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí