Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 48:26

An Bíobla Naofa 1981

“Cuir ar meisce é! Mhóraigh sé é féin in éadan an Tiarna; beidh Móáb ag únfairt ina sceathrach féin; beidh sé fós ina cheap magaidh.

Féach an chaibidil Cóip

37 Tagairtí Cros  

Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé, Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.

Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh.

drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu, agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”

Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

is é Dia féin an breitheamh; umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.

Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”

Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo.

An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.

Chuir an Tiarna isteach iontu meadhrán agus mearbhall intinne. Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí, mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.

Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla, oiread agus ball glan amháin níl le fáil.

Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite.

Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.

Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.

Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”

Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal, mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo - an Tiarna a labhraíonn.

“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”

Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna; chuir sí an talamh uile ar meisce; d'ól na náisiúin cuid dá fíon agus d'imigh ansin le báiní.

[Éist] le mo chuid osnaíola; níl aon sólásaí ar bith agam; chuir scéala m'anó áthas ar mo naimhde uile; ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir; luathaigh an lá atá fógartha agat, nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.

Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta.

Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.

Cuirfear thusa ar meisce freisin agus beidh tú ar mearbhall céille. Caithfidh tusa tearmann a lorg ón namhaid chomh maith.

Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.

an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.

Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí