Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’ Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.
Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach.
Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”
Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: “Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as;
“Dá n‑imeodh na reachta daingne seo as mo radharc - an Tiarna a labhraíonn - ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosrael ó bheith ina chine i m'fhianaise go brách.
“Nár thug tusa faoi deara céard deir an pobal seo: ‘An dá mhuintir a thogh an Tiarna theilg sé uaidh anois iad’? Mar seo a tharcaisníonn siad mo mhuintir ionas nach náisiún níos mó iad ina láthair.
Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”
Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon, sibhse uile arbh eol daoibh a ainm. Abraigí: ‘Cé mar a briseadh an bata láidir sin, an ríshlat bhreá sin!’
Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon, na teifigh agus iad go traochta. Ach tháinig tine as Heisbeon, lasair as pálás Shíochon; loisc sé malaí Mhóáb, cloigeann na ndaoine ceannairceacha.
Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
“Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás. Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin. Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh, go gcuirfidh mé deireadh leo.