Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.
Ansin d'imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.
Ach bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad. “An d'fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?”
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.
Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: “Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?”