Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon, sibhse uile arbh eol daoibh a ainm. Abraigí: ‘Cé mar a briseadh an bata láidir sin, an ríshlat bhreá sin!’
Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smola agus fíniúin Shibmeá, a mbeireadh a gcrobhaingí bua ar thiarnaí na náisiún. Shroiseadh siad fhad le Iazaer, bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach; bhí a gcraobhacha ag leathadh amach thar farraige anonn.
Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”