Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 48:16

An Bíobla Naofa 1981

Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb; deifríonn sí ar luas a anachaine.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.

Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais, agus na madraí allta ina páláis sháile... Tá a haimsir ar na gaobhair, ní chuirfear a laethe ar cairde.

Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.”

Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích.

Dá bhrí sin, abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”

Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.

Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí