Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 46:4

An Bíobla Naofa 1981

Úmaigí na heacha; sa diallait, a mharcslua! In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh! Déanaigí líofa na gatha; cuirigí oraibh bhur lúireacha!

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Rinne Uiziá sciatha, sleánna, cafairr, lúireacha, boghanna, agus clocha láimhe a sholáthar don arm ar fad.

Ansin dúirt mé leis an bpobal: “Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.”

Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.

“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.

Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.

Ná síneadh aon bhoghdóir a bhogha! Ná siúladh aor fhear go móiréiseach faoina chóta máilleach! - Ná tabhair anacal dá saighdiúirí óga! Maraígí tríothu agus tharstu, a slua uile!

Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.

Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime.

Bhí cafarr práis ar a cheann, lúireach mar chosaint air agus bhí cúig mhíle seicil de mheáchan práis sa lúireach sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí