Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.
Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.
Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.
“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.
Cuir suas duit féin comharthaí bóthair, ardaigh clocha críche; tabhair suntas maith don tslí, an tslí ar imigh tú. Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael, tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.
Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine?
Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.
Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?