Ar lig sibh i ndearmad cionta bhur sinsear, cionta ríthe Iosrael agus cionta a bhflatha, bhur gcionta féin agus cionta bhur mban céile a rinneadh i dtír Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?
“An túis a loisc sibh i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, sibh féin, bhur n‑aithreacha, bhur ríthe, bhur dtaoisigh, agus muintir na tíre - nár chuimhnigh an Tiarna air sin, nach é a tháinig ina intinn?
Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m'ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte - sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!
An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh?
“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.