Irimia 44:4An Bíobla Naofa 1981Chuir mise chugaibh mo sheirbhísigh na fáithe gan scor; chuir mise iad lena rá: Ná déanaigí an ní gráiniúil seo is fuath liomsa. Féach an chaibidil |
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.