Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 44:24

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Irimia ansin leis an bpobal uile, agus go háirithe leis na mná: “Éistigí le briathar an Tiarna (a Ghiúdacha uile i dtír na hÉigipte).

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.

Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!

Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta, atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!

Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:

Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes.

Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.

Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.

Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”

An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí