d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.
[Agus dúirt na mná] “Nuair a loscaimid túis do Bhanríon Neimhe agus nuair a dhoirtimid amach a híobairtí dí, an dóigh leat gur ag déanamh bairíní lena híomhá orthu agus ag doirteadh a híobairtí dí atáimid gan fhios dár bhfir chéile?”
“An túis a loisc sibh i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, sibh féin, bhur n‑aithreacha, bhur ríthe, bhur dtaoisigh, agus muintir na tíre - nár chuimhnigh an Tiarna air sin, nach é a tháinig ina intinn?
“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.