Irimia 42:2An Bíobla Naofa 1981agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin - Féach an chaibidil |
Labhair Ióchánán mac Cháiréach fiú le Gadailiá i Miozpá os íseal, á rá: “Lig domsa imeacht, agus maróidh mé Ísmeáéil mac Natainiá, agus ní bheidh a fhios ag aon duine. Cad chuige a maróidh sé thusa? Agus go scaipfí chun fáin arís na Giúdaigh uile a chruinnigh chugat. Cad chuige a mbasófaí fuíoll Iúdá?”