Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 42:19

An Bíobla Naofa 1981

[D'fhreagair Irimia: “A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: ‘Ná téigí don Éigipt.’ Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad.

Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).

Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.

Ach má dhiúltaíonn tú dul amach, is é seo an scéal a d'fhoilsigh an Tiarna domsa:

Ach d'éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d'fhear slán? An bhfuil sé i ndán d'fhear briste an chonartha dul slán?

Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.

Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith.

Cad ab áil leis an Tiarna dár dtabhairt isteach sa tír seo d'fhonn go dtitimís de rinn claímh agus go ngabhfaí ár mná agus ár miondaoine mar chreach? Nárbh fhearr dúinn filleadh ar an Éigipt?”

Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”

Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,

Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’

Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.”

gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n‑agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí