Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 42:1

An Bíobla Naofa 1981

Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá - .i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh.

Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,

Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.

Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”

Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá,

chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.

Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá,

Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón.

i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír.

Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’

Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór.

labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d'éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’

Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.

Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.

Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.

Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail.

Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.

Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.

‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí:

agus deiridís: “Is é seo ‘mórchumhacht Dé’ mar a thugtar air.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí