Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 41:3

An Bíobla Naofa 1981

Agus mharaigh Ísmeáéil freisin a raibh de Ghiúdaigh a bhí ag an bhfleá, in éineacht leis na Caildéigh a tharla a bheith ansin i Miozpá (fir chogaidh iadsan).

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá.

Is fearr an eagna ná airm chogaidh; ach d'fhéadfadh aon bhotún amháin mórán maitheasa a mhilleadh.

d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.

Tharla an lá tar éis marú Ghadailiá, ach gan a fhios ag duine ar bith,

Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d'fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí