Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 41:11

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá - .i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh.

Ach níor luaithe i lár na cathrach iad ná gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá iad, agus theilg isteach i dtobar iad - é féin agus a chuid fear.

Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,

go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí