agus dúirt leis: “An bhfuil a fhios agatsa gur chuir Báilíos, rí na nAmónach, Ísmeáéil mac Natainiá do do mharú?” Ach ní chreidfeadh Gadailiá mac Aichíceám iad.
chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.
Sa seachtú mí, áfach, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá, mac Eilíseámá, den síol ríoga, mar aon le deichniúr fear, chuig Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá. Agus ag caitheamh béile lena chéile dóibh ansin i Miozpá,
Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.
d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.