Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 4:28

An Bíobla Naofa 1981

Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí, tá an domhan ag meath agus in ísle brí, tá neamh agus talamh ag meath.

tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.

Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.

Éadaím na spéartha le dúchan bróin, cuirim éadach róin umpu mar chlúdach.

Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.

(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”

“Tá Iúdá ag caoineadh, tá a bailte ag déanamh dobróin agus iad íslithe go talamh; téann éamh ó Iarúsailéim suas.

(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.

ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcrích agus go gcomhlíona comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.

Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé.

“Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.

Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht.

Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.

Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.

Tá na páirceanna bánaithe agus an talamh triomaithe; óir, scriosadh an t‑arbhar agus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndísc agus tá meath ag teacht ar an ola nua.

Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Faoi mar a bheartaigh mé dochar a dhéanamh daoibh nuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,” a deir Tiarna na Slua, “agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,

Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?

Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.

Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.

Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas.

Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,

nocht sé dúinn rún a thola - de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur i gcrích i gCríost,

Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”

Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,

Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí