D'amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach, bhí a bailte uile scriosta, i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.
Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.”
(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”
Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.
Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.