Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).
Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.
Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.
Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.
Pheacaigh Iarúsailéim go trom; dá dheasca sin is neamhghlan í anois; an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í; óir, chonaic siad lomnocht í; ach bíonn sise ag caoineadh de shíor agus tugann sí a cúl leo.