Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh; a phobala, tugaigí aire; éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann, an domhan cláir agus a shliocht go léir!
Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?” D'fhreagair Hiziciá: “Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.”
óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.
Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’
Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.
Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn - is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.
Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é - mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.
“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’
tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon Shíón.
Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, “Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?” (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n‑íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?)